Herunterladen Inhalt Inhalt Diese Seite drucken

Príobháideacht Othair; Ábhair Agus Oibríocht - Eko DUO Benutzerhandbuch

Vorschau ausblenden Andere Handbücher für DUO:
Inhaltsverzeichnis

Werbung

1.11 Príobháideacht Othair
Féadfar príobháideacht faisnéise sláinte othar
a chosaint le dlíthe stáit, cónaidhme, nó dlíthe
idirnáisiúnta/eachtrannacha a rialaíonn an dóigh is
féidir faisnéis den sórt sin a úsáid, a stóráil, a tharchur
agus a nochtadh. Fostaíonn an córas Eko gnéithe
slándála a chomhlíonann beartais HIPAA. Féadfar
rochtain tríú páirtí ar an fhaisnéis sin a thoirmeasc
gan údarú i scríbhinn a fháil ón othar.
Tá an t-úsáideoir freagrach go hiomlán as gach
dlí a rialaíonn stóráil, tarchur agus nochtadh aon
sonraí leictreonacha othar a thuiscint agus a úsáid
trí bhogearraí a úsáid. Murar féidir leis an úsáideoir
dlí nó srian a chomhlíonadh a bhaineann le húsáid
agus nochtadh sonraí den sórt sin, níor cheart
don úsáideoir dul ar aghaidh chun an fhaisnéis sin
a bhailiú nó a shábháil.
D'fhéadfadh go n-éileodh an t-iarratas seo faisnéis
sláinte inaitheanta aonair a iontráil chun feidhmiú.
Stóráiltear agus meabhraítear taifid fríd ainm an
othair, dáta breithe, agus/nó uimhir aitheantais an
othair a úsáid. Tríd an fhaisnéis seo a iontráil, glacann
an t-úsáideoir le haon riosca agus gach riosca agus
dliteanas a thabhaíonn sé le faisnéis den sórt sin
a úsáid nó a tharchur.
1.12 Ábhair agus Oibríocht
Cuimsíonn an pacáiste seo:
• 1 Eko DUO
• 1 Pillín Luchtaire Tadhaill gan Sreang
• 1 5W / 2A USB Cuibheoir chumhachta
• 1 Micreachábla USB go USB
• 1 CLUAISÍN Eko
• 6 Bharr Cluasa Sileacón Rubar
• 1 Cárta Treorach Cur chun Siúil
Ar mhaithe le feidhmiúlacht iomlán, éilíonn an córas
ar úsáideoirí a DUO a nascadh le gléas soghluaiste
cliste atá cumasaithe ar an Idirlíon ag baint úsáid as
Eko App (nach bhfuil san áireamh). Tacaíonn an aip le
go leor gléasanna soghluaiste Apple® agus Android™.
NÓTA: Is féidir DUO a úsáid le trealamh fuaime nó
cluasáin eile tríd an seaicéad fuaime 3.5mm. Áfach,
ní éilítear aon ráthaíochtaí feidhmíochta ag baint
úsáid as táirgí fuaime eile.
Riachtanais Chórais
Is féidir bogearraí an aip fón póca a úsáid le iPhone®
5S agus samhail nua, iPad Mini™ 2, 3, iPad Air®/Air 2,
agus giniúint iPad® 3/4 le iOS 11.0+.
Is féidir na bogearraí aip soghluaiste a úsáid le
Android OS 8 & níos mó.
Baineann DUO úsáid as Bluetooth® LE; ní mór
do ghléasanna fóin a bheith comhoiriúnach le
Bluetooth® LE.
Is trádmharcanna iad Apple®, iPhone®, iPad®, iPad Air®, agus
iPad Mini™ de Apple, Inc.
Is trádmharc é Android do Google LLC.
Trádmharc de chuid Bluetooth SIG is ea Bluetooth®
DUO - Lámhleabhar Úsáideora Pg 7

Werbung

Inhaltsverzeichnis
loading

Verwandte Produkte für Eko DUO

Inhaltsverzeichnis