Herunterladen Inhalt Inhalt Diese Seite drucken
Vorschau ausblenden Andere Handbücher für DUO:
Inhaltsverzeichnis

Werbung

1.5 Rabhadh

• Chun riosca trasnaíocht ghléis a laghdú,
Coinnigh DUO 2 méadar ar shiúl ar a laghad
ó astaírí RF, ródairí WiFi agus raidiónna san
áireamh le linn oibríochta nó luchtú.
• Chun rioscaí a bhaineann le hionfhabhtú
a laghdú Lean gach treoir glantóireachta agus
dífhabhtaithe atá san áireamh sa lámhleabhar seo.
Cruthaigh agus lean sceideal glantóireacht agus
dífhabhtú i ndiaidh gach úsáid.
• Chun riosca a bhaineann le héadáil sonraí
mhícheart a laghdú stóráil agus bain úsáid as
an ghléas seo mar a deirtear sa treoir seo. Tá sé
molta go mbeadh an cadhnra luchtaithe le linn
an tríocha nóiméid ina tiontaíonn an táscaire LED
dearg. Athluchtaigh an ceallra ag baint úsáid as
pillín luchtaire gan sreang a chuirtear ar fáil leis
an ghléas.
• NÁ cuir an gléas isteach i léacht nó próiseas
steirilithe ar bith eile nach bhfuil sa treoir seo.
Tá an gléas seo neamhsteiriúil.
• Chun rioscaí a bhaineann le réimsí
leictreamaighnéadacha atá an-láidir seachain
an gléas a úsáid in aice le radaimhinicíocht
(RF) láidir nó gléasanna RF iniompartha agus/
nó soghluaiste. Má tá fuaimeanna tobann nó
gan choinne ar bith ann, bog ar shiúil ó aeróg
traschuir raidió ar bith. Thig le níos mó astú
radaimhinicíocht tarlú nó laghdú imdhíonachta
má bhaintear úsáid as oiriúintí, trasduchtóirí,
agus cáblaí nach bhfuil déanta ag Eko.
• Léigh, tuig, agus lean an t-eolas slándála uile
atá sna horduithe seo a leanas sular úsáidtear
an DUO. Tá sé molta go bhfuil na treoracha seo
a choinneáil don todhchaí.
• Tá nasc Bluetooth Aicme 2 sonraí gan sreang
ag DUO. Tá réimse cumhacht an uasmhéid
radaimhinicíocht a ghineann an ghléas faoi
trí volta an méadar, leibhéal atá sábhailte le
húsáid le gléasanna leighis eile. Áfach, b'fhéidir
go gcruthóidh fuaim, físeán agus trealamh eile
tarchur leictreamaighnéadach. Má tá gléasanna
áirithe ann agus cuireann siad isteach, bog DUO
láithreach ar shiúl ón ghléas sin agus/nó múch
an gné Bluetooth sin.
• Chun rioscaí a bhaineann le héilliú comhshaoil
a laghdú lean na rialacháin is infheidhme
agus an gléas seo á dhiúscairt. Tá ceallraí
in-athluchtaithe in DUO; déan an gléas
a dhiúscairt i gceart mar atá faoi shainordú ag
treoracha áitiúla.
• Níl cead athrú ar bith a chur i bhfeidhm leis
an trealamh seo. Níl aon pháirteanna indeisithe
laistigh de DUO.
• Scaip aon leictreachas statach sula
n-úsáideann tú an t-aonad.
• Rabhadh: MR Mí-shábháilte! Ná nocht an gléas
do thimpeallacht athshondais mhaighnéadach
(MR). D'fhéadfadh go mbeadh riosca gortaithe
teilgeáin ag an ghléas mar gheall ar ábhair
fearómaighnéadacha a bheith ann ar féidir le croí
an mhaighnéid MR a mhealladh. D'fhéadfadh
gortú teirmeach agus dónna tarlú mar gheall
ar chomhpháirteanna miotail an gléas is féidir
a théamh le linn scanadh MR. Féadfaidh an gléas
déantáin a ghiniúint san íomhá MR. D'fhéadfadh
sé nach bhfuil an gléas ag feidhmiú i gceart mar
gheall ar na réimsí láidre radaimhinicíochta agus
maighnéadacha a ghineann an scanóir MR.
DUO - Lámhleabhar Úsáideora Pg 4
• Ní aimsíonn ná ní thomhaiseann an gléas
seo gach athrú ar ráta croí, rithim croí agus
tonnchruth croí.
• Ní dhéantar tástáil ar an ghléas seo maidir le
húsáid ar leanaí a mheánn níos lú na 10kg.
• Níor cheart do chodanna seoltaí leictreoidí
agus nascóirí bainteacha do Pháirteanna
Feidhmeacha Cineál BF, lena n-áirítear an
leictreoid neodrach, teagmháil a dhéanamh le
páirteanna seoltaí eile lena n-áirítear an Domhan.
• Ná bain úsáid as DUO agus é ag luchtú.
• Ná húsáid ar othair a bhfuil séadairí chairdiacha
orthu nó ar ghléasanna suite leictreonacha eile.
• Má úsáidtear é ar chuid den chorp a bhfuil saill
choirp shuntasach, gruaig choirp nó craiceann
an-tirim air, b'fhéidir nach mbeidh sé indéanta
taifeadadh rathúil a dhéanamh.
• Ná húsáid DUO agus do ghléas soghluaiste ag
luchtú, cuirfidh sé seo isteach ar leictreachas leis
an chomhartha ECG.
• Ná stóráil DUO i ndálaí an-te, fuar, tais nó fliuch.
• Ná nocht do réimsí láidre leictreamaighnéadacha.
• Ná húsáid mar bhonn aonair le haghaidh cinntí
cógais nó cóireála.
• Ná déan taifeadadh má tá na leictreoidí
salach. Glan iad ar dtús, de réir na dtreoracha
glantacháin sa Lámhleabhar Úsáideora seo.
• Ná húsáid DUO ar chraiceann briste nó
limistéir chréachta.

Werbung

Inhaltsverzeichnis
loading

Verwandte Produkte für Eko DUO

Inhaltsverzeichnis