Tá nasc sonraí gan sreang Bluetooth i CORE™. Tá réimse cumhacht
an uasmhéid radaimhinicíocht a ghineann an steiteascóp faoi trí volta
an méadar, leibhéal atá sábhailte le úsáid le gléasanna leigheas eile.
Áfach, b'fhéidir go gcruthóidh fuaim, físeán agus trealamh eile tarchur
leictreamaighnéadach. Má thagann tú ar ghléasanna den sórt sin agus má
chruthaíonn siad trasnaíocht, bog CORE™ láithreach ón ngléas sin agus/nó
múch an fheidhm Bluetooth.
Labhair le do dhochtúirí agus an gléas Eko in úsáid.
Chun ardchaighdeán fuaimeanna a chinntiú, ba chóir suíomh agus
seasamh an CORE™ a chur san áireamh agus tú ag éisteacht.
Chun ceangail Bluetooth a dhéanamh níos fearr, laghdaigh fad agus/
nó lig líne súil a bheith ann idir gléas Eko agus gléas fóin. Beidh an réimse
Bluetooth íslithe nuair atá rudaí (ballaí, troscán, daoine srl) idir an gléas
Eko agus gléas atá ceangailte.
Chun riosca plúchadh agus tachtadh a laghdú, déan cinnte go bhfuil
na páirteanna uile ceangailte agus stóráilte i gceart. Coimeád amach
ó leanaí.
Frithghníomh Ailléirgeach: Níl sé ar eolas go gcuireann comhpháirteanna
Stéiteascóp Digiteach Eko CORE™ faoi deara frithghníomhartha
ailléirgeacha. NÁ lean ar aghaidh leis an úsáid má tharlaíonn frithghníomh
ailléirgeach duit ar ábhair an fheiste, nó má thaispeánann do chraiceann
greannú nó athlasadh tar éis úsáide. Seiceáil le gairmí cúraim sláinte sula
dtosóidh tú úsáid arís.
Rabhadh: Ná húsáid Stéiteascóp Digiteach Eko CORE™ i dtimpeallacht
shaibhir in ocsaigin!
6. Comhlíonadh EMC
Deimhniú Radaitheoir Idirnáisiúnta FCC
FCC ID: 2ANB3-E6
Ráitis FCC na Stát Aontaithe
47 CFR Páirt 15.105 tuairisc riachtanach do Aicme B:
Rinneadh scrúdú ar an trealamh agus comhlíonann sé teorainn gléas
digiteach Réimse B, mar pháirt 15 do rialacha FCC. Tá na teorainn
seo ann chun cosaint maith a thabhairt in éadar tarchur dainséarach
i suiteáil chónaithe. Bíonn na háiseanna seo ag gin, ag úsáid agus ag spré
fuinneamh radaimhinicíocht agus mura bhfuil sé suiteáilte agus in úsáid
maidir le na treoracha, is féidir trasnaíocht dainséarach a dhéanamh
le cumarsáid raidió. Áfach, níl cinnteacht ann nach tarlóidh tarchur
i suiteáil áirithe.
Má bhíonn an trealamh seo mar chúis le trasnaíocht dainséarach
chuig raidió nó comhartha teilifís, ar féidir a bheith meáite le trealamh
a mhúchadh agus a lasadh, spreagtar an t-úsáideoir chun an trasnaíocht
a cheartú ar cheann do na dóigheanna seo a leanas:
• Athdhírigh nó athlonnaigh an aeróg glacadóra.
• Méadaigh an scaradh idir an trealamh agus an glacadóir.
452