Herunterladen Inhalt Inhalt Diese Seite drucken

Renishaw SP25M Bedienungsanleitung Seite 89

Vorschau ausblenden Andere Handbücher für SP25M:
Inhaltsverzeichnis

Werbung

SP25M user's guide
http://www.renishaw.com
GA ‐ Moltaí ginearálta sábháilteachta
GA: Moltaí ginearálta sábháilteachta
RABHADH: Ba chóir don úsáideoir na treoracha sábháilteachta thíos a léamh go cúramach sula ndéantar an córas tóireadóra
SP25M a dhíphacáil agus a shuiteáil, agus a chinntiú go leanann gach oibreoir a úsáideann an córas tóireadóra i gcónaí iad. Is feidir
nochtadh radaíochta infridhearg guaisí a tharlú de dheasca rialtáin a úsáid nó ceartú, nó feidhmiú nósanna imeachta seachas na cinn
a shonraítear istigh anseo.
Ní mór oibreoirí a chur faoi oiliúint maidir le húsáid agus le feidhmiú chórais tóireadóra SP25M agus na táirgí a ghabhann leis, i
gcomhthéacs an innill ar a bhfuil sé feistithe, sula gceadaítear dóibh an t­inneall a úsáid.
NÓTA: Déantar tagairtí thíos do ghnéithe a léirítear mar [†] [‡] [♦] sna léaráidí thíos. Cinntigh, le do thoil, go dtuigeann tú gach treoir
shábháilteachta ina n­iomláine. Moltar bheith eolach ar chomhbhaill an chórais SP25M, mar a léirítear sna codanna seo a leanas:
Forbhreathnú ar chomhbhaill an chórais
Léaráid scéimreach ar chomhbhall an chórais tóireadóra
Léaráid scéimreach ar raca athraithe solúbtha FCR25
Léaráid scéimreach ar raca athraithe solúbtha FCR25 TC
Tá cosaint mheicniúil ar fhorthaistil sa chóras tóireadóra SP25M atá ar fáil in ais +Z an tóireadóra, le stop tuairte daingean. Ní mór do
rialchóras an innill a bheith in ann stop a chur le gluaiseacht an innill, in ais seo an tóireadóra, sula ndéanfar an stop tuairte a bhaint
amach. Murab amhlaidh an scéal, caithfidh an t­úsáideoir cosaint súl a chaitheamh agus an gléas á oibriú aige/aici ar eagla go
mbrisfeadh an stíleas.
Ní mór aire a thabhairt lena chinntiú nach ndéantar aon damáiste do na fuinneoga optúla (a léirítear mar [♦]), atá ar an gcabhail agus ar an
modúl araon, óir tá siad déanta de ghloine agus d'fhéadfaidís gortú a dhéanamh.
RABHADH: Tá buanmhaighnéid i gcuid de chomhpháirteanna an chórais SP25M agus sna táirgí a théann leis. Tá sé tábhachtach
iad a choinneáil amach ó earraí mar chórais stórála sonraí, séadairí, uaireadóirí agus araile a d'fheadfadh réimsí maighnéadacha dul
i gcion orthu.
Sábháilteacht LED
Tá foinsí LED ardchumhachta leabaithe i gcabhail SP25M (a léirítear mar [†]) a astaíonn radaíocht infridhearg dofheicthe. Nochtar na foinsí
sin nuair nach bhfuil SM25­# nó modúl TM25­20 module ceangailte.
Bristear dhá shraith teagmhálacha laisce idirghlasáilte (a léirítear mar [‡]) má bhaintear an modúl, rud a chasann cumhacht LED as go
huathoibríoch agus a chinntíonn sábháilteacht an úsáideora.
Ba chóir na teagmhálacha comhghlasáilte seo a iniúchadh ar eatraimh oiriúnacha le cinntiú nach bhfuil aon truailliú aeriompartha orthu, mar
dheannach, mionsmionagar nó slisirníneach. I gcúinsí éadóigh, is féidir leis an truailliú sin gearrchiorcadadh na pionnaí a tharraingt agus an
riosca a mhéadú dá réir ar chumhacht a sheoladh chuig na LCD, gan an modúl bheith ceangailte. Ná ceangail ábhair sheolta riamh leis na
teagmhálaithe nó idir eatarthu. Lean na treoracha maidir le glanadh atá sa chuid a bhaineann le cothabháil.
Ní mór cabhail an SP25M a bhaint ó cheann an tóireadóra i gcónaí sula ndéantar iniúchadh.
I gcás damáiste dháiríre a dhéanamh d'aon chuid den chabail SP25M nó d' fhorchásáil an mhodúil scanta, dínasc foinse na cumhachta
LÁITHREACH, bain na codanna briste di agus ná bain triail as a n­úsáid arís, agus téigh i dteagmháil le do sholáthraí le haghaidh
Issued 10 2015
89

Werbung

Inhaltsverzeichnis
loading

Inhaltsverzeichnis