Herunterladen Inhalt Inhalt Diese Seite drucken

LG MU2R15 Bedienungs- Und Montageanleitung Seite 246

Vorschau ausblenden Andere Handbücher für MU2R15:
Inhaltsverzeichnis

Werbung

Verfügbare Sprachen
  • DE

Verfügbare Sprachen

  • DEUTSCH, seite 49
TREORACHA SÁBHÁILTEACHTA
6
• Ná bain feidhm as an táirge in áit dúnta go daingean ar feadh aga fada. Déan an seomra a aeráil go rialta.
D'fhéadfadh ganntanas ocsaigin a bheith ann agus dá bharr sin, déanfar dochar do do shláinte.
• Ná oscail gríl thosaigh an táirge fad is atá sé ag obair. (Ná tadhaill an scagaire leictreastatach, más ann dó
san aonad.) Tá baol ann go ngortófar duine, go mbeidh turraing leictreach ann nó go gclisfidh an táirge.
• Má eascraíonn torann aisteach, boladh nó deatach ón táirge. Múch an scoradán láithreach bonn nó
dícheangail an cábla cumhachta. Tá baol ann go dtarlóidh turraing leictreach nó go n adhnafar tine.
• Aeráil ó am go chéile an seomra ina bhfuil an táirge nuair atá sé ag feidhmiú maille le sorn,
nó eilimint téimh agus araile. D'fhéadfadh ganntanas ocsaigin a bheith ann agus dá bharr sin,
déanfar dochar do do shláinte.
• Nuair nach mbainfear feidhm as an táirge ar feadh aga fada, dícheangail an phlocóid soláthair
chumhachta nó múch an scoradán. Tá baol ann go ndéanfar díobháil don táirge nó go
gclisfidh sé nó go bhfeidhmeoidh sé gan sin a bheith beartaithe.
• Bí cúramach chun cinntiú nach féidir le haon duine, páistí ach go háirithe, seasamh ar an
táirge amuigh faoin aer nó nach féidir leo titim air. Má tharlaíonn sin, d'fhéadfadh seo bheith
mar shiocair le gortú pearsanta agus díobháil don táirge.
• Bí cúramach chun cinntiú nach féidir an cábla cumhachta a tharraingt amach nó nach féidir díobháil a
dhéanamh dó fad is atá an táirge ag feidhmiú. Tá baol ann go mbeidh tine nó turraing leictreach ann.
• Ná leag AON RUD ar an gcábla cumhachta. Tá baol ann go mbeidh tine nó turraing leictreach ann.
• Nuair a sceitheann gás inlasta, cas as an gás agus oscail fuinneog chun an seomra a aeráil sula chastar an táirge
ar siúl. Ná bain feidhm as guthán agus ná cas lasca ar siúl nó as. Tá baol ann go mbeidh pléascadh nó tine.
• Déan cinnte an seomra a aeráil a dhóthain nuair atá an gléas aerchóirithe seo agus gléas
téimh amhail téitheoir ar siúl ag an am céanna. Mura ndéantar sin, d'fhéadfadh tine, gortú
tromchúiseach nó cliseadh an táirge a bheith mar thoradh air.
• Glanadh tráthrialta (níos mó ná uair/bliain) dusta nó cáithníní salainn greamaithe ar an
malartóir teasa trí uisce a úsáid.
• Ba cheart go ndéanfaí díchóimeáil an aonaid, cóireáil na hola cuisniúcháin agus na codanna
ar deireadh de réir na gcaighdeán áitiúil agus náisiúnta.
FOLÁIREAMH
!
Suiteáil
• Is gá do bheirt nó breis air sin an táirge a iompar agus a bhogadh. Seachain gortú pearsanta.
• Ná suiteáil an táirge in áit ina mbeidh an ghaoth ón bhfarraige (cáitheadh farraige) ag bualadh
air. B'fhéidir go gcreimeoidh sé an táirge.
• Suiteáil an t osán taosctha chun a chinntiú go dtaosctar i gceart an t uisce comhdhlúite.
D'fhéadfadh drochcheangail bheith mar shiocair le sileadh uisce.
• Coimeád cothrom é fiú nuair atáthar ag suiteáil an táirge. Chun creathadh nó torann a sheachaint.
• Ná suiteáil an táirge in áit inar féidir leis an torann nó aer te ón aonad amuigh faoin aer
díobháil a dhéanamh don chomharsanacht nó cuir isteach air. D'fhéadfadh sé bheith mar
shiocair le fadhbanna le do chomharsa agus le haighneas eadraimh.
• I ndiaidh an táirge a shuiteáil nó é a dheisiú, dearbháil i gcónaí i gcomhair sileadh gáis
(cuisneáin). Má tá méid an chuisneáin íseal, d'fhéadfadh an táirge cliseadh.

Werbung

Inhaltsverzeichnis
loading

Inhaltsverzeichnis