Herunterladen Inhalt Inhalt Diese Seite drucken

LG MU2R15 Bedienungs- Und Montageanleitung Seite 244

Vorschau ausblenden Andere Handbücher für MU2R15:
Inhaltsverzeichnis

Werbung

Verfügbare Sprachen
  • DE

Verfügbare Sprachen

  • DEUTSCH, seite 49
TREORACHA SÁBHÁILTEACHTA
4
Suiteáil
• Ná bain feidhm as scoradán ciorcaid lochtach nó atá faoin méad a mheastar dó. Bain feidhm
as an scoradán agus an fiús ceart. Tá baol ann go mbeidh tine nó turraing leictreach ann.
• Nuair is gá obair le haibhléis a dhéanamh, déan teagmháil leis an mangaire, leis an ndíoltóir,
le leictreoir cáilithe, nó le Lárionad Seirbhíse Údaraithe. Ná díchóimeáil agus ná deisigh an
táirge tú féin. Tá baol ann go mbeidh tine nó turraing leictreach ann.
• Ceangail an táirge leis an talamh mar a léirítear sa léaráid do na sreanga. Ná ceangail an
tsreang thalmhaithe le píobáin gháis nó uisce, le slat tintrí nó le sreang talúin ghutháin é. Tá
baol ann go mbeidh tine nó turraing leictreach ann.
• Suiteáil go daingean an stiall agus clúdach an bhosca rialúcháin. Tá baol ann go mbeidh tine
nó turraing leictreach de bharr deannach, uisce agus araile.
• Bain feidhm as an scoradán nó an fiús ceart. Tá baol ann go mbeidh tine nó turraing
leictreach ann.
• Ná athraigh agus ná sínigh an cábla cumhachta. Is gá cábla nó corda cumhachta nua a fháil
má tá scríobthaí air nó má tá cuid den chraiceann scafa nó má tá sé trochlaithe. Tá baol ann
go mbeidh tine nó turraing leictreach ann.
• Déan teagmháil gach uair leis an ndíoltóir nó le Lárionad Seirbhíse Údaraithe chun é a
shuiteáil, é a bhaint nó chun é a athshuiteáil. Tá baol ann go mbeidh tine, turraing leictreach,
pléascadh nó gortú ann.
• Ná suiteáil an táirge ar sheastán suiteála lochtach. Cinntigh nach trochlaíonn an limistéar
suiteála le himeacht aimsire. D'fhéadfadh an táirge titim má throchlaíonn sé.
• Ná riamh suiteáil aonad amuigh faoin aer ar bhun a bhogann nó ar áit ónar d'fhéadfadh sé
titim uaidh. D'fhéadfadh an t aonad amuigh faoin aer a thiteann bheith mar shiocair le
díobháil nó gortú nó fiú bás duine.
• In aonad amuigh faoin aer, soláthraíonn an toilleoir uaschéimneach aibhléis ardvoltais chuig na
comhbhaill leictreacha. Déan cinnte an toilleoir a dhíluchtú go huile is go hiomlán i ndiaidh deisiúchán
a dhéanamh. Is féidir le toillear luchtaithe bheith mar shiocair le turraing leictreach.
• Fad is atá an t aonad á shuiteáil agat, bain feidhm as an maingín suiteála a sholáthraítear leis
an táirge. Nó d'fhéadfadh an t aonad titim agus duine a ghortú go dona.
• Is gá na ceangail sreangaithe istigh/amuigh a dhaingniú agus ba chóir don chábla bheith
treoraithe i gceart ionas nach bhfuil aon neart ag tarraingt an chábla ó na nasc teirminéil.
D'fhéadfadh ceangail nach bhfuil déanta i gceart nó atá liobarnach bheith mar shiocair le
giniúint teasa nó le tine.
• Déan ná hábhair phacála a dhiúscairt go sábháilte. Amhail scriúnna, toirní, cadhnraí, rudaí
briste agus araile i ndiaidh suiteála agus ansin réab agus caith uait málaí plaisteacha.
D'fhéadfadh páistí súgradh leo agus d'fhéadfadh siad bheith mar shiocair le gortú.
• Déan cinnte an cuisneán a bhainfear feidhm as a dhearbháil. Léigh an lipéad ar an táirge le do thoil.
Mura bhfuil an cuisneán ceart ann, d'fhéadfadh sé bac a chur ar cheart oibriú an aonaid.
• Ná cas an scoradán ná an chumhacht ar siúl dá mbeadh painéal tosaigh, caibinéad, cludach
bairr, cludach an bhosca rialaithe bainte nó oscailte. Tá baol tíne, baol turrainge leictrí, baol
pléisce nó baol báis dá ndéanfaí a leithéid.

Werbung

Inhaltsverzeichnis
loading

Inhaltsverzeichnis