Herunterladen Inhalt Inhalt Diese Seite drucken

Renishaw REVO-2 Benutzerhandbuch Seite 80

Vorschau ausblenden Andere Handbücher für REVO-2:
Inhaltsverzeichnis

Werbung

Verfügbare Sprachen
  • DE

Verfügbare Sprachen

  • DEUTSCH, seite 53
REVO-2 Benutzerhandbuch
www.renishaw.de
Aschur léasair
Uas-aschur: < 5 mW
Fad bíge: tonn leanúnach
Tonnfhad: 670 nm
Eisréimniú léasacha: 2 mrad
Tá foinsí léasair Aicme 3B leabaithe i gcabhail an RSP2 agus SFP1, agus níor chóir iad a úsáid má dhéantar damáiste tromchúiseach d'aon
chuid den táirge nó má réabtar aon chuid de. I gcásanna den sórt sin, déan an fhoinse cumhachta a dhícheangal LÁITHREACH, bain as na
páirteanna agus ná déan iarracht iad a athúsáid. Téigh i dteagmháil le do sholáthraí chun comhairle a fháil.
Bíonn léas an léasair iata go hiomlán laistigh de chabhail an tóireadóra agus de chabhail choinneálaí an stílis le linn gnáthúsáide, agus ní féidir
leis an úsáideoir é a rochtain. Bristear péire teagmhálacha comhghlasáilte lasc má bhaintear coimeádaí an stílis, léirithe mar †, rud a stopann
cumhacht an léasair go huathoibríoch le cinntiú nach mbeidh aon duine nochta don léas.
Ba chóir na teagmhálacha comhghlasáilte seo a iniúchadh ar eatraimh oiriúnacha le cinntiú nach bhfuil aon truailliú aeriompartha orthu, mar
dheannach, mionsmionagar nó slisirníneach. Tá caolseans ann go bhféadfadh truailliú den sórt seo gearrchiorcadadh sna pionnaí agus an
chumhacht a sheoladh chuig an léasar mura mbeadh coimeádaí an stílis i bhfearas. Ná ceangail ábhair sheolta riamh leis na teagmhálaithe nó
idir eatarthu. Lean na treoracha maidir le glanadh atá sa chuid a bhaineann le cothabháil.
Ní mór an RSP2 nó SFP1 a bhaint den cheann i gcónaí sula ndéantar iniúchadh. Ná féach go díreach isteach sa chró léasair riamh nuair atá
cabhail an RSP2 nó SFP1 ceangailte do cheann an tóireadóra. Tá an cró léasair léirithe mar ‡.
Sa chás neamhdhealraitheach go mbrisfí gas choinneálaí an stílis gan an nasc idirghlasáilte idir an tóireadóir agus coinneálaí an stílis a asáitiú,
tá priacal beag nochta le solas léasair d'aicme 3R ann ó chró ghas briste an stílis. Tá baol ann go ndéanfar dochar buan d'amharc na súl má
bhreathnaítear go díreach ar an léasar agus ba chóir é sin a sheachaint. I gcás briste, ná breathnaigh go díreach ar aon solas léasair astaithe nó
frithchaite agus brúigh an cnaipe stoptha éigeandála ar an aonad rialaithe láimhe chun aon ghluaiseacht gan choinne a sheachaint. Bain
tóireadóir agus coinneálaí an stílis de cheann an REVO‐2 ansin. Agus é sin déanta, ba chóir an meaisín a bhogadh de láimh ón bpáirt agus
measúnú a dhéanamh ar an damáiste. Níor chóir, ar chúinse ar bith, aon iarracht a dhéanamh coinneálaí an stílis, a ndearnadh damáiste dó, a
dheisiú ná a athúsáid. Téigh i dteagmháil le do sholáthraí chun comhairle a fháil.
Astúcháin léasair RSP2 V2 Aicme 1
Déantar tagairt do ghnéithe atá léirithe mar ‡ sna léaráidí thíos. Cinntigh le do thoil go dtuigeann tú na treoracha sábháilteachta go léir. Moltar
aithne a bheith agat ar chomhpháirteanna an chórais REVO‐2.
Léaráid sábháilteachta ar RSP2 V2 Aicme 1
Tá an leagan seo de RSP2 rangaithe mar tháirge léasair d'Aicme 1 de réir EN 60825‐1:2014.
Veröffentlicht 05 2020
80

Werbung

Inhaltsverzeichnis
loading

Inhaltsverzeichnis