Herunterladen Inhalt Inhalt Diese Seite drucken

Úsáid; Gearradh Craobhacha Agus Cea- Pa Ar An Talamh - MTD GCS 50 Bedienungsanleitung

Inhaltsverzeichnis

Werbung

Verfügbare Sprachen
  • DE

Verfügbare Sprachen

  • DEUTSCH, seite 26
INSTRUCTION MANUAL SÁBH SLABHRACH
8 ÚSÁID
- Déan de réir na rialachán uile a leagtar
amach sa chaibidil "SÁBHÁILTEACHT".
- Beir greim ar an ghléas leis an dá láimh i
gcónaí (fíor 11).
- Gearr agus tú ag brú go grinneall luamhán
na scóige agus déan teagmháil leis an ad-
hmad i ndiaidh don inneall an luas uasta a
bhaint amach.
8.1 LEAGAN CRANN
Teastaíonn daoine cáilithe agus oil-
iúint ghairmiúil orthu le CRAINN A
LEAGAN.
Cé go bhfuil sé tábhachtach na treoracha seo
a léamh, ní dhéanann sé ionad na taithí oir-
iúnaí leis an obair íogair seo a dhéanamh.
- Sula leagann tú, déan deimhin:
1) Nach bhfuil daoine eile, nó ainmhithe, i raon
titime an chrainn.
2) Go dtoghann tú treo titime an chrainn chun go
bhféadfaidh tú éalú sa treo eile (fíor 17).
3) Nach bhfuil bacainní ar bhealach an éalaithe.
4) Go gcuireann tú san áireamh na fachtóirí sóin-
seálach seo a leanas agus tú ag toghadh threo
na titime:
a) - Craobhacha níos forbartha ar thaobh am-
háin.
b) - Claonadh an chrainn.
c) - Treo na gaoithe (ná leag crainn má tá gaoth
mhór ann)
d) - Adhmad briste
5) Déan de réir tosca timpeallachta a luadh faoin
phointe "RIALACHÁIN SHÁBHÁILTEACHTA
GHINEARÁLTA pointe A6".
6) Gearr craobhacha agus fréamhacha móra
chun bun an chip a ghlanadh.
7) Le treo na titime a dhéanamh amach:
a) déan eang (fíor 12) ar an cheap sa taobh mar
a bhfuil tú ag iarraidh go dtiteann an crann. Gearr
isteach go thart faoi 1/3 thrastomhas an chip.
b) déan gearradh an leagtha ar an taobh eile
(fíor 13) ag leibhéal thart faoi 5 cm níos airde.
c) RABHADH !! ná cuir i gcrích an gearradh ach
fág beagán adhmaid (fíor 13 sonra 1) a bheidh
mar inse nuair a bheidh an crann ag titim chun
treo na titime a stiúradh.
d) Cuir tús leis an titim le ding (fíor 14).
e) Chomh luath agus a thosaíonn an crann a thit-
im, imigh ón treo a cinntíodh roimh ré (fíor 17).
8.2 GEARRADH CRAOBHACHA AGUS CEA-
PA AR AN TALAMH
Ceap a choinnítear suas ag an dá cheann:
1) gearr anuas go 1/3 an trastomhais (fíor 15).
2) gearr aníos le béal uachtarach an bharra le
cur i gcrích.
Craobh chrochta/ceap crochta:
1) tosaigh a ghearradh aníos go 1/3 an trastom-
hais (fíor 16) le béal uachtarach an bharra.
2) gearr anuas le cur i gcrích.
8.3 COSCÁN AN tSLABHRA
Tá coscán sábháilteachta don tslabhra ag an
tsábh slabhrach seo chun go gcoisctear an slab-
hra (i gcás an fhrithbhuailte) i bhfaiteadh na súl.
a) Tagann an coscán i bhfeidhm go huathoibríoch
i gcás an fhrithbhuailte láidir agus é gníomh-
achtaithe ag táimhe luamhán an choscáin (fíor
30).
fíor
. 30
b) Mura bhfuil an frithbhualadh chomh láidir sin,
is féidir go gcuirtear coscán an tslabhra i bhfei-
dhm go huathoibríoch trí theagmháil an luamháin
le do láimh chlé.
IE
STOP
275

Werbung

Inhaltsverzeichnis
loading

Verwandte Produkte für MTD GCS 50

Inhaltsverzeichnis