Herunterladen Inhalt Inhalt Diese Seite drucken

Ie Treoir Úsáide - Engelbert Strauss 2HR Gebrauchsanweisung

Kapsel-gehörschützer radio 2hr
Inhaltsverzeichnis

Werbung

Verfügbare Sprachen
  • DE

Verfügbare Sprachen

  • DEUTSCH, seite 5
IE
Treoir Úsáide
An Chosaint cluasa a úsáid agus a chothabháil
Tá banda cinn nó feistiú i gcomhair clogaid as
teirmeaphlaisteachnó banda muiníl as cruach
dhosmálta mar aon le pillín séalaithe atá líonta le
cúrphlaisteach ag gach cosaint cluasa dá bhfuil an
treoir úsáide seo i bhfeidhm.
Léigh an treoir úsáide go cúramach chun an leas
is fearr a bhaint as an táirge engelbert strauss.
Úsáid
Ar mhaithe le compord le linn caithimh agus chun
an insliú fuaime is fearr a fháil ba chóir an chosa-
int cluasa a úsáid, a shocrú agus a chothabháil de
réir na dtreoracha seo a leanas.
– Tagann caitheamh ar na capsúil chosanta
cluasa agus go háirithe ar na pillíní séalaithe
mar thoradh ar úsáid. Dá bhrí sin ba chóir an t-
insliú fuaime a sheiceáil go rialta chun caitheamh,
scoilteacha nó poill sa séalú a aimsiú. Agus an
feistiú sláinteachais á mhalartú agat bain na
pillíní séalaithe féinghreamaitheacha. Bain an
clúdach cosanta den bpillín séalaithe nua, cuir
an pillín timpeall an spáis atá fágtha don gcluais
agus brúigh síos é. Ansin roghnaigh an feistiú
sláinteachais cuí don gcosaint cluasa. (uimh. earra
74.76.540/74.76.542). Ba chóir an feistiú sláintea-
chais a mhalartú dhá uair sa bhliain ar a laghad.
– Má úsáidtear ionsúirí fallais/paistí sláinteachais
ar na pillíní séalaithe d'fhéadfaí
éifeacht an insliú fuaime a laghdú.
– D'fhéadfadh ceimiceáin áirithe damáiste a dhé-
anamh don táirge seo. Tá tuilleadh eolais ar fáil ina
thaobh seo ón déantúsóir.
Socrú agus Láimhsiú
D'fhéadfadh boghanna spéaclaí nó caipín ar do
cheann srl. éifeacht an chosaint fuaime a laghdú
go mór. Ná fág aon ghruaig faoi na pillíní séalaithe
agus cuir na capsúil chosanta cluasa ort ar shlí go
bhfuil siad compordach agus go séalaíonn siad do
chluasa.
Bí cinnte go bhfuil do chluasa clúdaithe ina n-
iomláine ag na capsúil chosanta cluasa agus go
bhfuil brú na gcapsúl leata go cothrom mórthim-
peall do chluasa.
52
Headband (féach léaráid 1)
Socraigh an chosaint cluasa ar an toise cinn is mó
agus cuir ort í. Ansin socraigh an banda cinn
ar shlí go luínn an chosaint cluasa go héadrom ar
do cheann.
Cothabháil
Glan an chosaint cluasa le hearra glantacháin mín
(gallúnach). Bí cinnte nach bhfuil an t-earra glan-
tacháin a úsáideann tú greannach don chraiceann.
Ba chóir an chosaint cluasa a bheith glan nuair
a stóráiltear é agus ba chóir é a choinneáil in áit
tirim, m.sh. sa phacáistiú inár ceannaíodh é. Ná
tumaigh an táirge faoi uisce!
Rabhadh
Mura ndéantar de réir na dtreoracha thuas
d'fhéadfaí éifeacht an chosaint fuaime a laghdú
go mór.
Le linn a bheith i limistéir ghlóracha ní mór cosaint
cluasa a chaitheamh an t-am ar fad chun éifeacht
cosanta iomlán a fháil! Ní bhainfear éifeacht
cosanta céad faoin gcéad amach ach amháin má
chaitear an táirge an t-am ar fad.
Arna scrúdú agus arna cheadú de réir::
– Treoir TCP 89/686/CEE
– EN 352-1 (banda cinn/banda muinéil)
– EN 352-6 (cosainteoir cluasa capsúil
le trealamh cumarsáide)
– EN 352-8 (Cosainteoir cluasa capsúl éisteachta
chun críocha siamsaíochta)
Raidió (féach léaráid 2a)
Tá srianaire leibhéal fuaime i gcallairí an chosa-
inteoir cluasa a bhfuil a uasteorainn 82dB (A) ag
an gcluais. D'fhéadfadh éisteacht leis an raidió cur
isteach ar inchloisteacht comharthaí rabhaidh ag
an áit oibre. A chur ar siúl/múchadh airde fuaime
Cas ag an socraitheoir ar a bhfuil an ainm "a" chun
an raidió a chur ar siúl. Má chastar níos faide
ar deiseal é ardaítear an fhuaim. I gcás droch-
chomhartha athraíonn an raidió ó steiréafónach
go monafónach chun an cháilíocht fuaime is fearr
a choinneáil ar siúl.
Minicíocht/socrú tarchuradóra (féach léaráid 2b)
Cas an socraitheoir ar a bhfuil an t-ainm "b", chun
an tarchuradóir a shocrú. Is féidir leis an raidió
minicíochtaí idir 88 agus 108 MHz, AM 540-1700
KHz ("c") a ghlacadh
Nasc fuaime seachtrach (féach léaráid 3)
Tá nasc fuaime leictreonach ag an gcosainteoir
cluasa. Seiceáil an fheidhm sula mbaineann tú
úsáid as an aonad. Léigh na treoracha "Cad atá
le déanamh i gcás Cur isteach nó lochtanna" ón
déantúsóir. Rabhadh! Má nasctar foinse fuaime
sheachtradh d'fhéadfaí an uasleibhéal laethúil
maidir le nochtadh d'fhuaim a shárú. Comhar-
tha fuaime ceadaithe uasta: 263mV Is féidir
raidió, seinnteoir MP3 fón póca nó foinse fuaime
sheachtrach eile a nascadh leis an bpluga fuaime
3.5mm. Chun an nasc fuaime seachtrach a úsáid ní
mór an fheidhm fuaime a chur ar siúl.
Ceallraí (féach léaráid 4)
Seachadtar an t-aonad le dhá cheallra 1.5V-AA.
Ná bain úsáid as aon cheallraí ach ceallraí 1.5V-
AA NiMH. Agus na ceallraí á gcur isteach agat bí
cinnte go bhfuil a bpolaraíocht i gceart. Ba chóir
an trealamh a mhúchadh i gcónaí sula gcuirtear
ceallraí nua isteach. Rabhadh! De réir mar a
ídítear na ceallraí laghdaítear an fheidhmíocht. Má
bhaintear gnáthúsáid as an trealamh maireann na
ceallraí tuairim is 130 uair.
Páirteanna spártha/oiriúintí
Trealamh sláinteachais #74.76.540
2 fháinne séalaithe
2 ionsúire fuaime
1 pillín cin (do bhandaí cinn amháin)
Roghnaigh an trealamh sláinteachais a oireann
do do chosainteoir cluasa. Ba chóir an trealamh
sláinteachais a mhalartú dhá uair sa bhliain ar a
laghad.
IE
53

Quicklinks ausblenden:

Werbung

Inhaltsverzeichnis
loading

Diese Anleitung auch für:

74.76.535

Inhaltsverzeichnis