Herunterladen Diese Seite drucken

Bosch 3 842 358 791 Betriebsanleitung Seite 50

Werbung

Gaeilge
Aistriúchán na Treorach Oibriúcháin Bunaigh
1.
Maidir leis an doiciméadú seo
Chun críocha cur síos ar an táirge atá na sonraí seo. Má thugtar eolas
maidir le húsáid níl iontu ach samplaí agus moltaí úsáide. Ní tréithe ráthaithe
é an t-eolas sa chatalóg. Ní théann an t-eolas a thugtar sa chatalóg in ionad
dualgas an úsáideora a chuid mheasúnaithe agus scrúduithe féin a dhéanamh.
Tá próiseas nádúrtha caite agus aosaithe i gceist lenár gcuid táirgí.
© Tá gach ceart ag Bosch Rexroth AG, clárú trádmhairc san áireamh. Is linne
gach ceart diúscartha chomh maith leis an gceart cóipeála agus aistrithe.
Cumraíocht shamplach atá léirithe ar an leathanach teidil. D'fhéadfadh nach
mar an gcéanna an táirge a sholáthraítear agus an ceann ar an léaráid.
Is i nGearmáinis a rinneadh an bunleagan den treoir oibriúcháin.
Bailíocht an doiciméadaithe
Léigh an lámhleabhar seo agus na doiciméaduithe forlíontacha riachtanacha:
– 3 842 358 820, "Treoracha sábháilteachta ginearálta le haghaidh suiteála
leictreonaí comhbhall MPS",
– treoracha na lampaí a nasctar leis an rialtán (DIM-Box),
sula n-oibreoidh tú leis an táirge nó sula gcoimisiúnóidh tú é.
www.boschrexroth.com/mediadirectory
2.
Treoracha Sábháilteachta
Ní mór cloí leis na treoracha sábháilteachta i lámhleabhair na lampaí a nasctar
leis an rialtán (DIM-Box).
Úsáid chuí
Úsáid an rialtán (DIM-Box) i seomraí tirime glana laistigh amháin.
Ná húsáid an rialtán (DIM-Box) díreach in aice le astaíochtaí ceimiceacha
(m.sh. ceochán ola, gal sádrála) nó in aice le foinsí smúite.
Fiúis chúltaca
EU ≤ 16 A, USA/CAN ≤ 15 A
Úsáid mhíchuí
Is úsáid mhíchuí neamhcheadaithe gach úsáid seachas an úsáid bheartaithe
a bhfuil cur síos déanta uirthi. Níl Bosch Rexroth AG freagrach as damáiste
mar thoradh ar úsáid mhíchuí. Is leis an úsáideoir amháin atá na rioscaí i gcás
úsáide míchuí.
Ar úsáid mhíchuí an táirge áirítear:
oibriú i dtimpeallachtaí ina bhfuil leibhéil arda chomhdhlúthaithe
(spás bogthaise) nó in astaíochtaí ceimiceacha,
úsáid mar lasc chun an lampa a lasadh/a mhúchadh,
oibriú gan dóthain cosanta i gcoinne tionchair mheicniúil,
oibriú i réimse neamhthráchtála.
3.
An méid a sheachadtar
Rialtán (gan cábla nasctha)
4.
Cur síos ar an táirge
Úsáidtear an Rialtán (DIM-Box) chun treise soilsithe lampaí córais SL ... LED
le comhéadan DIM (1–10 V) a mhaolú.
Sainaithint an táirge
Déantar tríd an uimhir ábhair (3 842...) ar an gcomhartha cineáil
1
(féach léaráid
) é.
5.
Suiteáil
Ní mór cloí leis na treoracha sábháilteachta ón lámhleabhar 3 842 358 820,
"Treoracha sábháilteachta ginearálta le haghaidh suiteála leictreonaí
comhbhall MPS".
Ní mór cloí leis na treoracha sábháilteachta i lámhleabhair na lampaí
a nasctar leis an rialtán (DIM-Box).
Suiteáil Rialtáin (DIM-Box)
Deimhnigh go bhfuil an trealamh oibriúcháin leictreacha a úsáidtear
le linn úsáide a bheith de réir na gcaighdeán náisiúnta.
Taispeántar na céimeanna suiteála sa léaráid
Oibrigh 6 lampa córais ar a mhéid le rialtán amháin (DIM-Box).
Suiteáil leictreach an Rialtáin (DIM-Box)
1.
Áirithigh nach ndéanann ach daoine ag a bhfuil an t-eolas agus an taithí
leictritheicniúil ábhartha an tsuiteáil (féach lámhleabhar 3 842 358 820).
2.
Ní mór cloí leis na treoracha sábháilteachta sa lámhleabhar 3 842 358 820,
"Treoracha sábháilteachta ginearálta le haghaidh suiteála leictreonaí
comhbhall MPS".
3.
Ná húsáid ach na cáblaí ceadaithe (códú gorm), féach an tábla thíos.
4.
Le haghaidh na suiteála, féach léaráid
5.
Déan aon naisc nach bhfuil in úsáid a shéalú leis na píosaí dúnta
(atá réamhshuiteáilte ag tráth an tseachadta).
 
2
.
3
.
Ná déantar an Rialtán (DIM-Box) a thalmhú (SELV (EU)/Aicme II (USA/CAN),
códú gorm!). Féach leis, "Sonraí Teicniúla".
Pluga
1
2
EU
3
6.
Coimisiúnú/oibriú
Ná coimisiúnaigh an táirge go dtí go bhfuil an doiciméadú 3 842 358 820
forlíontach "Treoracha sábháilteachta ginearálta le haghaidh suiteála
leictreonaí comhbhall MPS" léite agat agus go dtuigeann
tú é.
Cinntigh go bhfuil gach nasc clúdaithe nó dúnta. Deimhnigh go bhfuil
na naisc bholtáilte agus na naisc insuite uile suite i gceart.
Ná coimisiúnaigh ach táirge atá suiteáilte ina iomláine.
Is féidir gile an lampa a shocrú idir 10% agus 100% ach an rialtán a chasadh.
Féadann an solas múchadh go hiomlán leis, ach níl an lampa múchta fós dá bharr.
Tá an t-ábhar soilsithe faoi voltas i gcónaí.
Is féidir lampaí córais a chasadh air/as trí leas a bhaint as stiall soicéad ar a bhfuil
lasc ann/lasc as nó as an bpríomhlasc don limistéar oibre.
7.
Oibriú
Tá feidhm ag an treoir rabhaidh seo a leanas maidir le gach lampa gan siombail
VDE ar an gcomhartha cineáil (3 842 552 220, 3 842 552 222, 3 842 552 224).
Dainséar do dhaoine trí éifeacht stróbascóip nó éifeacht rothchasaidh!
Le linn oibrithe le gile laghdaithe déantar an solas a bhíogadh ag 240 Hz,
rud nach bhfuil infheicthe do shúil an duine.
I gcás rudaí a bhogann nó a chasann sa réimse solais d'fhéadfaí an dealramh
a thabhairt nach bhfuil na rudaí ag bogadh nó go bhfuil siad ag bogadh go mall
nó ag bogadh ar gcúl.
Scrúdaítear suíomh solais maolaithe agus oibrítear an lampa le 100%
(gile uasta gan bhíogadh) más gá.
8.
Diúscairt
D'fhéadfadh diúscairt mhíchúramach díobháil don gcomhshaol a dhéanamh.
Cuir an táirge de láimh de réir na rialachán atá i bhfeidhm i do thír.
9.
Méadú agus athrú
Ná déan an táirge a mhionathrú.
Níl feidhm ag ráthaíocht Bosch Rexroth ach amháin maidir leis an gcumraíocht
sheachadta agus maidir le méaduithe a cuireadh san áireamh sa chumraíocht.
Rachaidh an baránta in éag má dhéantar mionathrú nó uasghrádú ar bith
atá lasmuigh de raon an tsreangaithe atá sonraithe sa doiciméadú forlíontach
3 842 358 820, "Treoracha sábháilteachta ginearálta le haghaidh suiteála
leictreonaí comhbhall MPS".
10. Sonraí Teicniúla
Rialtán (DIM-Box)
Comhéadan DIM
UE: SELV
(códú gorm)
USA/CAN: Aicme II
Soicéad
L (m) Uimh.
3 842 552 226
3
3 842 553 141
2
3 842 553 140
1
3 842 553 139
3 842 055 145
 AIRE
1 – 10 V, analóg
+
2/4

Werbung

loading