Herunterladen Inhalt Inhalt Diese Seite drucken

Kenwood KSC-Y32K Bedienungsanleitung Seite 8

Netzadapter/schnellladegeräte
Inhaltsverzeichnis

Werbung

Verfügbare Sprachen
  • DE

Verfügbare Sprachen

  • DEUTSCH, seite 5
LÁMHLEABHAR TREORACHA
RÉAMHCHÚRAIM
Ní ceart an cuibheoir SA ná an luchtaire mear seo a úsáid ach le trasghlacadóirí KENWOOD.
Sa phaca ceallra tá réada so-adhainte, mar thuaslagóirí orgánacha. Mura láimhsítear an ceallra mar ba
cheart, d'fhéadfadh sé go réabfaí é agus go dtiocfadh lasracha nó teas ollmhór dá dheasca, agus go
ndéanfaí dochar dá réir sin nó foimreacha eile damáiste don cheallra. Iarrtar ort géilleadh do na toirmisc
seo.
Ná bain leas ach as an gcuibheoir SA agus as an luchtaire ceallra a shonraíonn KENWOOD.
Bain an cuibheoir SA den soicéad balla i gcónaí sula ndéanann tú aon iarracht ar an luchtaire a
iniúchadh nó a ghlanadh.
Ná bain an luchtaire ná an cuibheoir SA as a chéile.
Má tá an trasghlacadóir nó an paca ceallra fliuch, ná cuir isteach sa luchtaire iad.
Ná fág an luchtaire gan cosaint ar an mbáisteach ná ar an taise.
Ná bain leas as cuibheoir SA ná luchtaire atá damáistithe.
Ná déan gearrchiorcad ar losa an luchtaithe le réada miotail.
Ná luchtaigh ná ná nasc an ceallra droim ar ais.
Ná bain leas as an luchtaire i dtimpeallachtaí teo nó taise, nó go díreach faoi sholas na gréine nó in
aice le téitheoirí.
LUCHTÚ A DHÉANAMH
1
Plugáil cábla an chuibheora SA isteach sa seac cuibheora ar chúl an
luchtaire.
Plugáil an luchtaire SA isteach in asraon SA.
2
3
Sleamhnaigh paca ceallra nó trasghlacadóir ar a bhfuil paca ceallra
feistithe isteach sa sliotán luchtaithe.
• Déan deimhin de go gcúplálann teagmhálaithe miotail an phaca
ceallra go daingean le losa an luchtaire.
• Lasfaidh an táscaire dearg agus cuirfear tús leis an luchtú.
4
Nuair a bheidh an luchtú críochnaithe, lasfaidh an tascaire uaine.
• Bain an paca ceallra nó an trasghlacadóir den sliotán luchtaithe.
• Mura n-úsáidfear an luchtaire arís go gceann i bhfad, bain an
cuibheoir SA den asraon SA.
TÁBLA STÁDAIS AN LUCHTAIRE
Dath an Táscaire
Dearg
Dearg Gealánach
Uaine
Uaine agus buí
gealánach
© 2015
CUIBHEORI SA / LUCHTAIRE MEAR
Tá paca ceallra sa sliotán luchtaithe agus tá an luchtú ar siúl.
Tá an paca ceallra lochtach nó níl giotaí tadhaill an phaca ceallra cúplálaithe
mar ba cheart le giotaí tadhaill an luchtaire.
Tá an luchtú críochnaithe; bain an paca ceallra nó an trasghlacadóir den
sliotán luchtaithe.
Ní chomhlíonann teocht an phaca ceallra an teocht atá riachtanach le tús a
chur leis an luchtú. Sa chás seo, bain amach an ceallra nó go méadaíonn a
theocht, ansin cuir á athluchtú é.
Brí
B5A-1079-00

Werbung

Inhaltsverzeichnis
loading

Inhaltsverzeichnis