Herunterladen Inhalt Inhalt Diese Seite drucken

Yuasa YCX1.5 Bedienungsanleitung Seite 110

Inhaltsverzeichnis

Werbung

Verfügbare Sprachen
  • DE

Verfügbare Sprachen

  • DEUTSCH, seite 18
An luchtaire a cheangal le do bhataire
Má tá an bataire taobh amuigh den fheithicil:
Ceangail an seolán dearg ón luchtaire leis an teirminéal dearfach den bhataire (+) .
Ceangail an seolán dubh ón luchtaire le an teirminéal diúltach den bhataire (-).
Má tá an bataire istigh san fheithicil:
Is treoir é seo thíos, féach lámhleabhar úinéara d'fheithicle chun faisnéis agus nósanna
imeachta a fháil maidir le d'fheithicil faoi leith.
Socraigh an bhfuil an fheithicil talmhaithe go dearfach nó go diúltach.
Má tá sí talmhaithe go diúltach (is coitianta) - Ceangail an seolán dearg ón luchtaire ar dtús
leis an teirminéal dearfach (+) den bhataire agus ina dhiaidh sin, ceangail an seolán dubh ó
sheolán an luchtaire le fonnadh na feithicle agus i bhfad i gcéin ón líne bhreosla.
Má tá sí talmhaithe go dearfach - Ceangail an seolán dubh ón luchtaire ar dtús leis an
teirminéal diúltach (-) den bhataire agus ina dhiaidh sin, ceangail an seolán dearg ón
luchtaire le fonnadh na feithicle agus i bhfad i gcéin ón líne bhreosla.
Ceangail an luchtaire bataire leis an bpríomhlíonra cumhachta
Tosóidh an luchtaire go huathoibríoch nuair a bheidh cumhacht an phríomhlíonra ceangailte
agus casta air.
(Tabhair faoi deara: Má tá an táscaire lochtanna LED ag soilsiú i ndath dearg, seiceáil do
cheangail mar is dócha go bhfuil an seolán dearfach agus an seolán diúltach malartaithe.
Féach Fabhtcheartú chun tuilleadh faisnéise a fháil).
An luchtaire bataire a dhícheangal ón luchtaire
Má tá an bataire taobh amuigh den fheithicil:
Cas AS agus bain soicéad cumhachta an phríomhlíonra as an asraon agus fan ar feadh cúig
nóiméad ar a laghad roimh na seoláin luchtaithe a dhícheangal.
Bain an seolán dubh agus an seolán dearg ina dhiaidh sin.
Seiceáil na leibhéil leictrilíte más féidir. Tá seans ann go mbeidh barrlíonadh le huisce
driogtha de dhíth tar éis luchtú.
Má tá an bataire istigh san fheithicil:
Cas AS agus bain soicéad cumhachta an phríomhlíonra as an asraon agus fan ar feadh cúig
nóiméad ar a laghad roimh na seoláin luchtaithe a dhícheangal.
Bain an seolán ó fhonnadh na feithicle.
Bain an seolán as an luchtaire.
Seiceáil na leibhéil leictrilíte más féidir. Tá seans ann go mbeidh barrlíonadh le huisce
driogtha de dhíth tar éis luchtú.
110

Werbung

Inhaltsverzeichnis
loading

Verwandte Produkte für Yuasa YCX1.5

Inhaltsverzeichnis