Herunterladen Inhalt Inhalt Diese Seite drucken

Kenwood NX-3200E Einfache Anleitung Seite 25

Tragbarer transceiver [pmr]
Inhaltsverzeichnis

Werbung

Verfügbare Sprachen
  • DE

Verfügbare Sprachen

  • DEUTSCH, seite 15
FAISNÉIS FAOIN BPACA CEALLRA
Sa phaca ceallra tá réada so-adhainte, mar thuaslagóirí orgánacha. Mura láimhsítear an ceallra mar ba cheart, d'fhéadfadh
sé go réabfaí é agus go dtiocfadh lasracha nó teas ollmhór dá dheasca, agus go ndéanfaí dochar dá réir sin nó foimreacha
eile damáiste don cheallra. Iarrtar ort géilleadh do na toirmisc seo.
CONTÚIRT
◆ Ná bain an ceallra as a chéile ná ná cuir le chéile arís é.
◆ Ná déan an ceallra a ghearrchiordadh.
◆ Ná loisc an ceallra agus ná cuir foinsí teasa leis.
◆ Ná fág an ceallra in aice le tinte ná le soirn ná le foinsí teasa eile (áiteanna ina bhfuil an teocht os cionn 80°C).
◆ Ná tom an ceallra in uisce agus ná déan é a fhliuchadh ar bhealaí eile.
◆ Ná luchtaigh an ceallra in aice le tinte ná faoi sholas díreach na gréine.
◆ Ná bain leas ach as an luchtaitheoir a shonraítear agus comhlíon na riachtanais luchtaithe.
◆ Ná toll an ceallra le rud ar bith, ná buail le huirlis é, ná seas air.
◆ Ná bain tuairt as an gceallra ná ná caith uait é.
◆ Ná bain leas as an bpaca ceallra má tá damáiste ar bith déanta dó.
◆ Ná déan sádráil go díreach ar an gceallra.
◆ Ná cuir polaraíocht an cheallra droim ar ais (ná na losa).
◆ Ná luchtaigh ná ná nasc an ceallra droim ar ais.
◆ Ná leag lámh ar cheallra atá réabtha nó ag sceitheadh. Má theagmhaíonn leacht leictrilíte an cheallra le do shúile, nigh do shúile
le huisce úr chomh luath agus is féidir, gan iad a chuimilt. Téigh chun an ospidéil láithreach. Mura gcuirtear cóir orthu, d'fhéadfaí
dochar a dhéanamh do na súile.
RABHADH
◆ Ná luchtaigh an ceallra níos faide ná an t-achar ama a shonraítear.
◆ Ná cuir an paca ceallra i micreathonn ná in árthach faoi bhrú ard.
◆ Coinnigh pacaí ceallra atá réabtha nó ag sceitheadh amach ó thinte.
◆ Ná bain leas as ceallra mínormalach.
2
< PO_NOTICE >

Quicklinks ausblenden:

Werbung

Inhaltsverzeichnis
loading

Inhaltsverzeichnis